2

Seo dhuit comhairle uaim a chabhróidh leat sochar níos mó a bhaint as an am a chaitheann tú le do mhúinteoir. Tá tuilleadh leideanna le teacht!

Leid #1: Bí fiosrach!

Is é ceann de na slite is fearr chun aon ábhar a fhoghlaim ná ceisteanna a chur ar dhuine a bhfuil an freagra ar eolas acu.

Seo cúis iontach chun múinteoir a fháil mar beidh sí in ann do cheisteanna teanga a fhreagairt. Bíonn aon mhúinteoir mhaith in ann duine a chur ar an eolas faoi gnéithe gramadaí nó cultúrtha nach dtuigeann sé agus bíonn sí sásta taighde a dhéanamh, más gá, agus bíonn sé ar a cumas freagra sásúil a thabhairt.

Ar an ábhar sin, ní cóir go mbeadh drogall ar aon dhalta a oiread ceisteanna agus ar mhaith leis a chur faoi fhuaimniú focail áirithe, faoin athrú a thagann ar bhrí abairte mar thoradh ar mhalartú comhréire nó faoi stair nath cainte nó seanfhocail.

 dearmad, níl tú ag cur as don mhúinteoir má cuireann tú go leor ceisteanna uirthi ach go bhfuil tú ag cur leis an eolas atá agat ar an teanga atá á foghlaim agat.