Is teanga ársa í an Ghaeilge a labhraítear le breis is dhá mhíle bliain anuas. Sa lá atá inniu ann, labhraíonn na mílte duine an Ghaeilge in Éirinn agus thar lear. Is í an Ghaeilge céad teanga na mílte agus dara teanga na gcéadta míle.

Is mise Siobhán agus ba bhreá liom cabhrú leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge. Tá taithí agam i dteagasc na Gaeilge ar líne agus sa seomra ranga. Tá Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán agam. Faigh níos mó amach fúm anseo. Bheinn lánsásta tús den scoth a thabhairt dhuit muna bhfuil fiú is focal amháin agat. Dá mba rud é go dteastaíonn uait Gaeilge a labhairt le haghaidh ar scoil nó de bharr suime nó ar aon chúis eile, is féidir liom cabhrú leat líofacht a bhaint amach.

Níl uait ach:

  • Ríomhaire le ceamara (níl gá le ceamara)
  • Cluasáin agus micreafón
  • An feidhmchlár Skype: íoslódáil anseo é

Beidh na gnéithe seo romhat i rith ranganna:

Ceachtanna ar bhonn topaice

Ceartúchán i rith an ranga

Nótaí ranga digiteacha

Gníomhaíochtaí molta

Ag brath ar riachtanaisían duine aonair, bainim leas as gnéithe Skype a chuireann le héifeachtacht mo mhódhanna múinteoireachta agus a dhéanann é níos éascaí ar an dalta a gceachtanna a fhoghlaim. Úsáidim gné comhroinnte scáileáin Skype chun an t-ábhar oideachasúil atá agam ar mo ríomhaire féin a roinnt leis an dalta i rith ranga. Tá an comhéadan teachtaireachtaí meandracha atá in Skype go hiontach le haghaidh ag cleachtadh scríobhneoireachta nó litrithe.

Cuir do chéad cheacht/chomhrá (saor in aisce) in áirithe anois!
Advertisements